Tá iniúchadh déanta againn ar ráitis airgeadais an Ghrúpa agus na máthairchuideachta (na “ráitis airgeadais”) ar leathanaigh 28 go 61. Ulmhaíodh na ráitis airgeadais seo de réir na mbeartas cuntasaíochta atá leagtha amach ann.
Freagrachtaí faoi seach na Stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí
Leagtar amach i Ráiteas Freagrachtaí na Stiúrthóirí ar leathanach 24 freagrachtaí na Stiúrthóirí ó thaobh Tuarascáil Bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dhlí infheidhme na hÉireann agus na gcaighdeán cuntasaíochta arna n-eisiúint ag Bord na gCaighdeán Cuntasaíochta agus arna fhoilsiú ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Cleachtas Cuntasaíochta a nGlactar leis go Ginearálta in Éirinn).
Is í an fhreagracht atá orainn na ráitis airgeadais a iniúchadh de réir riachtanais ábhartha dlíthiúla agus rialála agus na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchóireacht (Ríocht Aontaithe agus Éire). Ulmhaíodh an tuarascáil seo, lena n-áirítear an tuairim, do bhaill na Cuideachta agus dóibh siúd amháin mar chomhlacht de réir Alt 193 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 agus gan aon chuspóir eile a bheith aici. Agus an tuairim seo á tabhairt againn, ní ghlacaimid ná ní ghabhaimid orainn féin freagracht as aon chuspóir eile nó as duine ar bith eile dá dtaispeántar an tuarascáil seo nó as duine ar bith a mbeadh seilbh acu uirthi ach amháin má chomhaontaíodh lena leithéid le cead i scríbhinn roimh ré.
Cuirimid ár dtuairim in iúl daoibh an é go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíor agus cothrom, de réir Chleachtais Chuntasaíochta a nGlactar leis go Ginearálta in Éirinn, agus an bhfuil siad ullmhaithe i gceart de réir reacht na hÉireann a chuimsíonn Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 2009, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Grúpchuntais), 1992. Sonraímid an bhfuil an fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad faighte againn a mheasaimid a bheith riachtanach chun críche ár n-iniúchta, agus an bhfuil Clár Comhardaithe na Cuideachta ar aon dul leis na leabhair cuntais. Cuirimid ár tuairim in iúl duit chomh maith maidir le:
| • | an é gur choinnigh an Chuideachta leabhair cuntais chearta; |
| • | an dtagann Tuarascáil na Stiúrthóirí leis na ráitis airgeadais; agus |
| • | an é go raibh staid airgeadais ag dáta an chláir chomhardaithe ina mbeadh gá leis an gCuideachta cruinniú ginearálta urghnách a thionól; d’fhéadfaí staid airgeadais dá leithéid a bheith ann áit nach bhfuil glansócmhainní na Cuideachta, mar a shonraítear i gClár Comhardaithe na Cuideachta, níos mó ná leath dá scairchaipiteal glaoite. |
Cuirimid in iúl duit chomh maith mura bhfuil, inár dtuairim, faisnéis ar bith arna sainiú ag an dlí maidir le híocaíocht na Stiúrthóirí nó idirbhearta na Stiúrthóirí nochta agus, más praiticiúil, an fhaisnéis sin a chur inár dtuarascáil.
Léimid an fhaisnéis eile sa Tuarascáil Bhliaintúil, agus breathnaímid an é go bhfuil sé comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais iniúchta. Cuimsíonn an fhaisnéis eile seo Ráiteas an Chathaoirligh, Athbhreithniú an Stiúrthóra Bainistíochta agus Tuarascáil na Stiúrthóirí amháin. Breathnaímid na himpleachtaí maidir lenár dtuarascáil má thiocfaimid ar mhíráitis fhollasacha nó neamhréireanna ábhartha ar bith leis na ráitis airgeadais. Ní bhaineann ár bhfreagrachtaí le faisnéis ar bith eile.
Déanaimid athbhreithniú ar cibé an léiríonn an ráiteas i dTuarascáil na Stiúrthóirí maidir leis an gcóras um rialú airgeadais inmheánach ag teastáil ón gCód Cleachtais um Rialachas Corparáideach maidir le Comhlachtaí Stáit comhlíonadh an Ghrúpa d’alt 13.1 (iii) den chód nó nach léiríonn agus cibé an bhfuil sé comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ar a bhfuilimid eolach ónár obair iniúchta ar na ráitis airgeadais nó nach bhfuil agus cuirimid ár dtuairim in iúl mura bhfuil. Níl sé de cheangal orainn breathnú ar cibé an gclúdaíonn ráiteas an Bhoird maidir le rialú inmheánach na rioscaí agus na rialúcháin ar fad nó nach gclúdaíonn, nó tuairim a chruth ar éifeachtacht nósanna imeachta um rialachas corparáideach an Ghrúpa nó ar éifeachtacht nósanna imeachta rioscaí agus rialúcháin.
Bunús thuairim an iniúchta
Rinneamar ár n-iniúchadh de réir Caighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchóireacht (Ríocht Aontaithe agus Éire) arna n-eisiúint ag an mBord um Chleachtais Iniúchóireachta. Cuimsíonn iniúchadh scrúdú, ar bhonn tástála, ar fhianaise a bhaineann leis na méideanna agus na nochtuithe sna ráitis airgeadais. Cuimsíonn sé measúnú chomh maith ar mheastacháin agus ar bhreithiúnais shuntasacha a rinne na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu, agus an é go bhfuil na polasaithe cuntasaíochta oiriúnach do chúinsí an Ghrúpa agus na Cuideachta curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus nochtaithe go hoiriúnach.
Rinneamar ár n-iniúchadh a phleanáil agus a fheidhmiú d’fhonn an fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad a mheasaimid is iomchuí d’fhonn go leor fianaise a chur ar fáil dúinn le dearbhú réasúnta a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha ar bith, cé acu trí chalaoise nó trí mhírialtacht nó earráid ar bith eile. Agus muid ag teacht ar an tuairim sin rinneamar measúnú ar leorgacht fhoriomlán chur i láthair na faisnéise sna ráitis airgeadais chomh maith.
Tuairim
Dar linn, tugann na ráitis airgeadais:
| • | léargas fíor agus cothrom, de réir an Chleachtais Chuntasaíochta Choitianta a nGlactar leis go Ginearálta in Eirinn, maidir le staid ghnóthaí an Ghrúpa agus na Cuideachta amhail 31 Márta 2010 agus maidir le brabús agus sreabha airgid thirim an Ghrúpa don bhliain a chríochnaigh ansin; agus |
| • | ullmhaíodh na ráitis airgeadais i gceart de réir riachtanais Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 2009, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Grúpchuntais), 1992. |
Tá an fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad a mheasaimid is iomchuí chun críche ár n-iniúchta faighte againn. Inár dtuairim choinnigh an Chuideachta leabhair cuntais chearta. Tagann Clár Comhardaithe na Cuideachta de réir na leabhar cuntais.
Inár dtuairim tá an fhaisnéis a tugadh i dTuarascáil na Stiúrthóirí ar leathanaigh 22 go 25 ag teacht leis na ráitis airgeadais.
Tá glansócmhainní na Cuideachta, mar a shonraítear ar chlár comhardaithe na Cuideachta ar leathanach 38, níos mó ná leath de mhéid a scairchaipitil ghlaoite agus, inár dtuairim, ar an mbonn sin ní raibh staid airgeadais ann ag 31 Márta 2010 ina mbeadh gá le cruinniú ginearálta urghnách de chuid na Cuideachta a faoi Alt 40 (1) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1963.
PricewaterhouseCoopers
Cuntasóirí Cairte agus Iniúchóirí Cláraithe
Baile Átha Cliath
1 Iúil 2010
