Rinneadh suim tomhaltóirí i nglasraí agus torthaí a fhás a mheaitseáil le táirgí nuálaíochta le Gairneoireacht, a leanann de dhul i dtreis i margadh iomaíoch
Soláthraíonn gairneoireacht táirgí móna agus táirgí nach bhfuil bunaithe ar mhóin do na margaí miondíola agus gairmiúil in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip. Áirítear ar an raon meáin fáis agus táirgí maisiúla le haghaidh díograiseoirí garraíodóireachta a sholáthraítear faoi na brandaí Shamrock agus Growise in Éirinn, agus faoi lipéad príobháideach sa RA. Soláthraítear móin mheilte, móin ghrádaithe agus meáin fáis réamh-mheasctha don tionscal gairmiúil sna margaí ar fad.
Torthaí
Ba bhliain an-iomaíoch a bhí ann don ghnó Gairneoireachta de bharr drochaimsire ar feadh shéasúr 2009 agus an bhrú leanúnaigh ar thairgeoirí gairmiúla san Eoraip. D’ainneoin na ndúshlán chonaic an gnó tiompú suntasach i mbrabús oibriúcháin roimh atheagrú agus costais iomarcaíochta de €3.4 milliún mar thoradh ar an mór-athstruchtúraithe in 2008/2009. Choinnigh bonn costas aonaid laghdaithe an gnó iomaíoch le linn na tréimhse. Bhí an fheidhmíocht mhiondíola láidir i margaí an RA agus na hÉireann de bharr gur fhreagair tomhaltóirí don gcor chun donais eacnamaíoch trína suimeanna fóillíochta baile cosúil le garraíodóireacht a mhéadú.
Iomaíochas
Tá scair lipéid phríobháidigh ard ag meáin fáis an RA agus atáthar á spreagadh go seasmhach le raon fairsing agus cur chun cinn praghais. Tá socrú soláthair eisiatach ag Bord na Móna leis an miondíoltóir is mó sa chatagóir, B&Q. Is é an raon ná teaglaim de mhúiríní móna agus neamh-mhóna agus táirgí maisiúla cosúil le coirt. Tá clár leanúnach ann maidir le feabhsuithe táirgí, pacáistithe agus slabhra soláthair le fás leanúnach sa chatagóir a chinntiú.
Inbhuanaitheacht
Cé gur meán fáis iontach é móin, aitheanta as a cáilíochtaí agus a hiontaofacht, tá táirgí níos inbhuanaithe á gcur ina hionad níos mó agus níos mó toisc go bhfuil na malairtí á bhfeabhsú le bheith chomh maith le móin. Stiúrann Bord na Móna an fhorbairt de mhalairtí bunaithe ar mhúirín glas a tháirgtear ag a shaoráid EPA-cheadúnaithe ag Cill Bhearaigh, Co. Chill Dara don mhargadh miondíola. Is táirgí neamh-mhóna iad os cionn 50% de gach rud a tháirgeann an gnó do mhiondíol faoi láthair, agus tá sé ag obair i dtreo sprice de 0% móin ina mhuiríní miondíola faoi 2020. Tá an sprioc seo comhsheasmhach leis an Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe (DEFRA).
Comhsheasmhach leis an gcur chuige seo, cuireadh tús le hathchúrsáil dramhaíl glasraí ón trádáil miondíola le linn na bliana. Chomhaontaigh Gairneoireacht clár infheistíocht trí Aisghabháil Acmhainní a bheidh ina fhoinse eile d’ábhair athchúrsáilte a bheidh oiriúnach le húsáid i meáin fáis.
Nuálaíocht
Le linn na bliana seo caite, lainseáil Gairneoireacht an branda Growise i margadh na hÉireann. Is raon iomlán atá ann Growise de mheáin fáis agus de tháirgí maisiúla. Ghin an branda dáileadh atá comhsheasmhach le branda náisiúnta, agus áiríodh ar chumarsáid le tomhaltóirí mór-urraíocht Super Garden ar theilifís RTÉ agus Bloom, an t-imeacht teaghlaigh is mó in Éirinn ar gharradóireacht agus bia i mí an Mheithimh 2010.
Ag caipitliú ar shuim úr tomhaltóirí i nglasraí agus torthaí a fhás, d’fhorbairt Gairneoireacht táirgí úra dá comhpháirtithe miondíola, lena n-áirítear plandóirí speisialaithe agus raon de leasacháin orgánacha, arna moladh ag iris ‘Which?’ mar an ‘gceannach is fearr’ le haghaidh múirín ilchuspóireach i ndiaidh trialacha cuimsitheacha ar tháirgí iomaíocha.

