Tá an gnó comhshaoil ag feidhmiú i margadh dúshlánach agus braitheann sé ar nuálaíocht lena chur ar chumas an ghnó samhail oibriúcháin inbhuanaithe a sheachadadh.
Soláthraíonn an gnó Comhshaoil réitigh biteicneolaíochta dhifreáilte chuig cliaint chónaitheacha, tráchtála, bhardais agus thionsclaíocha margaí na hÉireann, an Ríochta Aontaithe agus mhór-roinn na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh.
Tá an príomhfhócas gnó sa réimse maidir le hionaid chóireála fuíolluisce cónaithe agus pacáistithe do thráchtáil, gabháil fearthainne, athúsáid uisce agus cóireáil truailleáin aer cosúil le boladh agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (VOCanna), sna hearnálacha bardais agus tionscail.
Tá an gnó ag lorg deiseanna le seirbhís agus cothabháil a chur ar fáil, lena n-áirítear athsholáthar meán agus ghníomhaíochtaí déantóireachta agus oibriúcháin comhtháite áit inar féidir buntáistí iomaíocha a réadú.
Comhshaol Iarthar na hEorpa
Torthaí
Bhí an láimhdeachas in 2009/2010 síos 23% ar an mbliain roimhe sin a léiríonn laghdú suntasach i ngníomhaíocht na hearnála tógála.
Déanfaidh aisghabháil sa mhargadh tithíochta ó íosphointí buaice, treocht “tógála glaise”, aitheantas ag an úsáideoir deiridh ar an tábhacht a bhaineann le costais iomlánsaoil i dtionscadail um rialú bolaidh, agus forfheidhmiú na riachtanas rialála an fás i margaí na hÉireann agus an RA go háirithe.
Iomaíocht
Mar fhreagairt don mhéadú ar iomaíocht mhargaidh, agus mar cuid de straitéis fhadtéarmach an ghnó, cuireadh próiseas de chomhdhlúthú gnó an RA ar siúl a chomhtharlaíonn le bunú de shaoráid ghnó Comhshaoil an RA - saoráid 53,000 troigh chearnach in Bridgewater, Somerset.
Comhshaol Mheiriceá Thuaidh
Torthaí
D’fheidhmigh gnó na SA go maith faoi dhálaí margaidh deacra san earnáil um chóireáil fuíolluisce cónaithe agus d’éirigh leis dul isteach sa mhargadh bardais i ndiaidh cóireáil bolaidh Mónashell agus tionscadail fuíolluisce PuraMax, agus an dara tionscadal scannáin PuraM a fháil.
Leanann an gnó d’infheistíocht a dhéanamh i bhfás amach anseo agus chuir sé ghníomhaíochtaí forbartha gnó i gcrích, lena n-áirítear bunú léiriúchán cainéal díolachán sna margaí bardais trí líonra d’ionadaithe déantóirí (12 ghnóthas ionadaíocha). Mhéadaigh an gnó a líonra dáileoirí cónaithe go dtí 35 comhpháirtí, fuair sé faomhadh rialála Puraflo i stáit an chósta thiar agus chuir sé triail phíolótach Mónashell i gcrích ar stáisiún caidéil in Florida.
Iomaíocht
De bharr dálaí eacnamaíocha reatha tá custaiméirí i Meiriceá Thuaidh ag lorg réiteach níos saoire ar chostas teicneolaíochtaí agus táirgí atá fíor-inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. De réir mar a leanann geilleagar na SA ag láidriú i rith 2010 tá an muinín ann go lorgóidh custaiméirí réitigh níos inbhuanaithe cosúil le Puraflo a sholáthraíonn leibhéil arda de chosaint an chomhshaoil agus fuinneamh á shábháil acu ag an am céanna, i gcomparáid leis na haonaid teicneolaíochta aeróbaí ar chostas íseal agus ar ardfhuinnimh atá ar fáil go forleathan ar an margadh. Cuireann Mónashell, ár dteicneolaíocht bolaidh phaitinne buntáistí iomaíocha costais lánsaoil ar fáil agus táirgeann sé an réiteach is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ag an am céanna.
Inbhuanaitheacht
Tá inbhuanaitheacht an ghnó nasctha le fachtóirí ratha criticiúla lena n-áirítear inniúlacht rialála, forbairt brandaí, díol caidrimh. Tá an straitéis ar cheann de phríomhcheannaireacht mhargaidh trí nuálaíocht agus fhorbairt gnó d’ardcháilíocht, a chuireann na costais saolré is fearr agus na réitigh is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar fáil.
De réir ‘Conradh Úr Leis an Nádúr’, leanann an gnó d’fhorbairt táirge de theicneolaíochtaí a fhéachann d’uisce a chaomhnú, fhuinneamh a shábháil, cheimiceáin a laghdú agus dhramhaíl a athchúrsáil. D’éirigh leis an ngnó teicneolaíochtaí Mónashell agus PuraM a thabhairt isteach i margadh na SA in 2009 a sheachadann a chlár oibre maidir le hinbhuanaitheacht aeir ghlain agus uisce ghlain.
Nuálaíocht
Spreag an riachtanas méadaithe le haghaidh teicneolaíochtaí glasa, inbhuanaithe maidir le cóireáil fuíolluisce agus aeir an clár oibre nuálaíochta in aonaid Ghnó an chomhshaoil.
Áirítear ar thionscadail sna céimeanna pleanála agus cur i bhfeidhm forbairt d’aonad cóireála fuíolluisce mionscála ‘den chéad ghlúin eile’, lorg carbóin íseal agus córais chóireála fuíolluisce úra le haghaidh pobail bheaga agus mheánmhéide. Lainseáladh iad seo isteach i margadh na SA le linn 2009/2010 agus déanfar margaí na hEorpa a fhorbairt tuilleadh thar an gcéad bhliain eile.
Áirítear ar thionscnaimh forbartha eile comhpháirtíochtaí teicneolaíochta féideartha le sealbhóirí paitinne le teicneolaíochta cóireála uisce threasaigh a d’fhéadfadh a lainseáil isteach i margaí uile Bhord na Móna a fhorbairt agus a thráchtálú.

