Bord na Móna tuarascáil bhliantúil 09/10
small text font changedefault text font changelarge text font changeprint page

Athbhreithniú Gnó Athbhreithniú
an Stiúrthóra Bainistíochta – Fuinneamh

Athbhreithniú Gnó - Fuinneamh - leanann feidhmíocht oibriúcháin ag seachadadh

Cuimsíonn an gnó Fuinnimh Bunábhar agus Powergen. Táirgeann agus díolann bunábhar móin mheilte le haghaidh leictreachas a ghineadh agus cuireann sé bithmhais ar fáil le dó ag stáisiún cumhachta Éadan Doire. Chomh maith leis sin soláthraítear bunábhar móna do Bhreoslaí le brícín a dhéanamh agus do Ghairneoireacht le haghaidh raon de mheáin fáis.

 

Is é tosaíocht Powergen ná an phunann ghiniúna a fhairsingiú agus ag an am céanna an déine carbóin de tháirgeadh leictreachais a laghdú. Tá Powergen ag cur ar aghaidh an clár oibre comh-adhainte ag stáisiún cumhachta Éadan Doire agus ag cur an chláir um fhuinneamh gaoithe chun cinn ag an bhfeirm ghaoithe ag Béal Átha Chomhraic, Co. Mhaigh Eo.

 

D’ainneoin bliana dúshlánaí i dtáirgeadh móna, d’fheidhmigh an gnó Fuinnimh go maith, go háirithe sna hearnálacha bithmhaise agus giniúint cumhachta.


Torthaí
Bhí drochthionchar ag an tríú samhradh fliuch as a chéile ar cháilíocht na móna – bhí an trí shamhradh dheireanacha ar na trí shamhradh is fliche le 25 bliain. Chuir tuilte forleathana i mí na Samhna 2009 isteach ar an soláthar chuig stáisiúin Chumhachta Iarthar Uí Fhailí agus Loch Rí. D’ainneoin na ndeacrachtaí seo, áfach, soláthraíodh toirteanna méadaithe chuig na stáisiúin chumhachta agus chuig na monarchana brícíní mar fhreagairt ar an éileamh méadaithe a raibh méadú i ndíolacháin fhoriomlána Bhunábhair mar thoradh air.

 

Bhí bliain an-rathúil ag Powergen. D’fheidhmigh a phunann reatha thar an bhlian anuraidh agus rinneadh dul chun cinn suntasach ar an gclár oibre comh-adhainte bithmhaise. Cuireadh tús le tógáil ar na gléasraí úra buactha 112MW ag Éadan Doire agus tá oibríochtaí tráchtála le tosú níos déanaí in 2010 agus baineadh roinnt príomh-chloch mhíle tionscadail amach sa phíblíne tionscadal forbartha le haghaidh an dá fheirm gaoithe agus an ghléasra gásadhainte atá le tógáil ag Doire Dhraighneach.


Iomaíocht
Tugtar rochtain tosaíochta ar na sócmhainní giniúna ar fad sa phunann faoi láthair ar bhonn socruithe ceannach cumhachta fadtéarmacha a fuarthas le haghaidh na n-oibríochtaí ag Éadan Doire agus Béal Átha Chomhraic. De bharr laghdaithe rialaithe in íocaíochtaí cumais agus starradh an chumais bhreise giniúna sa mhargadh tá an timpeallacht reatha an-dúshlánach agus brúfaidh sé an gá le héifeachtacht leanúnach ar aghaidh.

 

Inbhuanaitheacht
Tá fáil agus soláthar na mbreoslaí bithmhaise le haghaidh comhbhreosla ina chuid shuntasach de straitéis in-athnuaite Bhord na Móna maidir le húsáid móin fuinnimh a chaolú. Le bliain anuas, cuireadh bithmhais neodrach ó charbón in ionad os cionn 80,000 tona de mhóin, agus ba mhéadú suntasach é seo ar dhíláithriú na bliana roimhe sin de 25, 000 tona. Tá sé beartaithe ag an ngnó sprioc íosta de chaolú 30% a bhaint amach ar an mbreosla i stáisiún cumhachta Éadan Doire faoi dheireadh 2016.


Leis an dearbhú go ngeofar tairiscintí um nascadh greille le haghaidh feirmeacha gaoithe ag Oweninny (372MW), Droim Cáite (80MW) agus ag an mBreacánach (40MW) le linn 2010/2011, lóisteáladh iarratais ar phleanáil le haghaidh tionscadail Oweninny agus Dhroim Cáite araon. Tá cead pleanála faighte ag tionscadal Oweninny cheana agus beidh cumas greille daingean imleor ar fáil do na trí thionscadal sa mheántéarma. Tá an sprioc de 500MW de cumas gaoithe suiteáilte a bhaint amach faoi 2015 fós de réir sprice. Go suntasach, fuarthas cead pleanála le haghaidh stáisiún cumhachta gásadhainte ag Doire Dhraighneach.

 

Nuálaíocht
Tá laghdú an chostais ar mhóin a bhaint agus laghdú iarmhairtí ar an gcomhshaol trí theacht chun cinn teicneolaíochtaí ríthábhachtach. Tugadh córais úra bainistíochta táirge agus oibriúcháin isteach ar bhonn phíolóta in 2009 le costais táirgthe a laghdú. Rinneadh córais úra tomhas taise agus réamhaisnéis cháilíochta ar líne a fhorbairt fosta agus tugadh isteach do na stáisiúin chumhachta iad go rathúil.


Forbraíodh Samhaltú ar an Margaidh Aonair Leictreachais (SEM) intí agus éascóidh sí an luacháil infheistíocht i dtionscadail forbartha amach anseo. Tá Bord na Móna ina bhall tionsclaíoch gníomhach den Lárionad um Thaighde Leictreachais ag Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus lean sé dá fhorbairt de Bhraisle Straitéiseach Taighde (SRC) ag oibriú sna réimsí um chórais tarchurtha leictreachais, oibríochtaí margaidh agus chomhtháthú cineálacha in-athnuaite giniúna isteach sa chóras leictreachais.